phone-white-web 066-915 0530 || email-white-web info@westkerrylive.ie

Advertise with WKL

WELCOME TO WEST & MID KERRY LIVE

THE ESSENTIAL NEWS AND EVENT GUIDE FOR THE DINGLE PENINSULA.

Ó Mhárthain. - Breandán Mac Gearailt.

Written by 

Poll an amhrais
Le déanaí glacadh le beartas an rialtais cuid dár bhfórsaí cosanta a bheith  páirteach sa tódhchaí le arm Shasana i gcúrsaí síochána

.Tá daoine a deir go bhféadfadh an socrú seo ina mbeadh an mháistreacht ag Sasana, fadbháin a fhágaint orainn. Mheasas go raibh Éire neodrach ach leis an gcallaireacht atá cloiste sa Dáil againn tá margadh maith mar shampla a bhí againn leis an Rúis caillte againn. Bí ag caint ar asalaíocht, n’fheadar an bhfuil daoine ina gcodladh. Níl aon aighneas ag muintir na hÉireann le aon tír ach le Sasana. Táimíd  ár dtarrac féin isteach i ngaiste Shasana. Dá bharr san beidh oireadh milleáin orainn is a bheadh ar aon Sasanach ag daoine go bhfuil léirscrios déanta agus á dhéanamh ar thíortha mar Lybea an Iaráic.
Fan bog, is tábhachtaí go mór an truflais seo ná aon  chogadh balbh uisce. Agus ag tagairt don bpoilitíocht ba náireach na hasacháin a caitheadh le Uachtarán na tíre mar gur shínigh sé  an beartas atá ar bord ag an rialtas do chúrsaí uisce teaghlaigh agus is dócha feirme. Ní raibh aon dul as ag Michael D, ach an chaipéis a shíniú mar ní bheadh cead dlithúil aige é a sheoladh fé bhráid na gCúirteanna ná aon ait eile. Dála  an scéil conas nár gabhadh cuid dos na daoine seo - ní bhíonn aon deacracht ag Gardaí pleidhcí bochta a bhíonn ‘siar ó thuaidh’ ag deoch a thabhairt ós chomhair na cúirte.

Sea an cheist - cuirfear an dlí ar an nduine a bhíonn ag spalpadh malachtaí áirithe - conas ná deintear rud éigin fén saghas cainte a bhíonn ag chuid acu siúd a bhíonn ar an deilfís. Tá amhrán ‘pop’ ann fé láthair agus an focal láidir f.. luaite arís, agus arís eile mar chuid dó. An bhfuil dlí ann le cosc a chur ar a leithéid nó an é go bhfuil lucht na Dála ag ceiliúradh ar a ndualgaisí? Tá sé in am acu dúiseacht agus an bhoirbeacht mí-thaithneamhach a chosc ar ár scáileáin. Mo ghraidhn é Pats Keane, chuirfeadh sé na cait ag gáirí, ach ní le aon chaint gháirsiúíl é. Fear cleachtan agus fear filiúil sibhialta.

Caid / Iomáint
Déarfaidh daoine leat nach bhfuil ach beagán an- bheag  contae a bhuafadh craobh sinsir caide nó iomána, na hÉireann ach an bhfuil athraithe ag teacht? Fé láthair tá borradh ag teacht i gcontaethe mar Ros Comán, Muimhneachán, an Mhí agus Tír Eoghain.  Tá Tír Chonaill, Bleá Cliath, Ciarraí agus Corcaigh ar aon árdán amháin.  San iomáint, tátar ag tuar nach mbeidh Cill Choinnigh chomh maith agus a bhíodar anuiridh cé a chreidfeadh san.  N’fheadarsa é ach oiread. Cad fén gClár, Luimneach, Corcaigh, Tiobrad Árann agus an Ghaillimh? Tá feabhas mór tagtha leis ar Loch Garman agus Port Láirge chomh maith le aon dream acu agus tá iománaithe Bhleá Cliath tréis cúpla bua gan choinne a bheith acu sa tsraith chomórtas. Mar sin is maith an duine a bheadh ábalta a thuar cé bhuafaidh na chluichí ceannais i mbliana. Tabhair don mí eile agus déanfadh iarracht a thuar cé hiad a bheidh sa bhféachaint.

Feirmeoirí
Tá an praghas ar stoc agus ar chaoire an- ard fé láthair.  Tá gamhna óga charolais ag déanamh €350 an ceann.  Conas mar a bheidh ag an nduine a cheannóidh cuid mhaith acu seo?  Beidh sé ag súil go bhfanfaidh an margadh mar atá, ach muna mar sin a bheidh, beidh cuid mhaith des na ceannaitheoirí thíos leis. Tátar ag moladh do fheirmeoirí cur leis an líon bó atá acu, faid is tátar ag tuar go mbeidh titim tubaisteach ar phraghas an bhainne i mbliana.  An saonta, amaideach nó cliste atá lucht an eolais?  Mholfainn féin do dhaoine fuinneadh de réir na mine.

An AE (Aontas Eorpach)
Faid is tá tíortha san Aontas Eorpach ag breith chucu féin, tá cuid eile acu á searradh féin agus iad ag leanúint modh imeachta na Gréige.  An rud is aite fé seo ná go bhfuil daoine ón eite dheis agus ón eite chlé sa bhád céanna i roinnt cásanna.  Sa Spáinn tátar ag tuar fé láthair go mbeidh 30% de na vótaí ag Podemos, agus i Andalucia, tá na toghcháin réigiúnacha agus áitiúla tugtha chun cinn ag na húdaráis, ag súil fanacht chun cinn ar Podemos atá ag fás in aghaidh an lae  Sa bhFrainc, tá an Fronta Náisiúnach tagtha chun cinn go mór agus má bhíonn aon bhogadh ar aon cheann de na páirtithe móra, beidh rith an ráis le Maria Le Pen agus a lucht leanúna.  Is féidir an rud céanna a rá faoin Iodáil, an Ostair agus Sasana, mar atá UKIP ag cur scanradh ar na Caomhaigh. Agus féach ar Éire!  Beidh sé clé deas as seo amach. Ní hé go bhfuil sé deas agus clé, na laetheanta seo ach, deas, deas agus clé. Is ait mar a chuireann an chinniúint a cosa fuithi. Is deacair a shamhlú go mbeadh daoine ón bhfíor eite chlé, ag cáineadh an AE faid is tá daoine ar an bhfíor eite dheis ag maisliú an AE chomh maith.  Is mó duine a déarfadh ná tárlóch sé seo, ach má leanann athraithe mar tá, beidh maorlathas an AE i sáin. Tá daoine, is léir ag tabhairt cúl le cleasaíocht agus geallúintí briste. Ach  d’fhéadfadh cás slánú nó a mhalairt, na Gréige tionchar mór a bheith  aige ar an sobal atá le dreamanna frith AE na laetheannta seo.

Seo scéal a leanfaidh ag cur iontas orainn seachtain ar sheachtain.

Read 2556 times

Add your Classified Ad

Accommodation or Business