Warning

JUser: :_load: Unable to load user with ID: 63

Print this page

West Kerry Walks

Written by 


Colm Bambury

Eask tower, Carhoo hill, Carhoo East

Height Gain 145 metres     Distance 2.4 kms

How often have you been asked ‘’ What’s that tower up on the hill?’’  Just a few miles west of Dingle turn off The Slea Head Drive at the signs for Holden’s Leather, keep driving until you see the sign for the TOWER. There is a little hut inside the gate with an honesty bucket requesting a 2 euro donation to walk through the private land to the tower. Walking to the tower is steep, take your time and believe me, it is worth it !!! 


 

 Eask Tower was built in 1847 during The Great Famine, commissioned by Rev. Charles Gayer, providing work for starving locals and enticing the same poor souls to convert from Catholicism to Protestantism.  The solid stone structure, initially 27 feet high, (later increased to 40 feet), is a Mariner’s Beacon and has a wooden hand pointing towards the harbour’s mouth. Two other beacons were constructed at that time, one at sea level, The Towereen Bán and the other on Binn Bán Head, which is in ruins now. 

Adjacent to the tower on the western side stands a World War 2 look-out post. The look-out post was erected using pre-cast concrete slabs which were manufactured off-site and transported to the top with a specially adapted pair of horse drawn hayracks. The post was manned by local volunteers who were in constant communication with The Dingle Garda Station via telephone which was specially installed for the task of warning the security forces of potential invasion.

 In 1950 a timber cross was erected to celebrate Holy Year. On December 10th, mass was celebrated on the hill, locals hung bicycle lamps on the cross which was clearly visible from Dingle when lit up. The cross succumbed to weather some weeks later and all that remains is the concrete stand.

 The views from the tower are absolutely wonderful, Mt. Brandon, Mt. Eagle, The Blaskets, Skellig Rocks, Valentia, The Iveragh Peninsula not to mention Dingle Town.

Túr Eisce, Cnoc na Ceathrún, Ceathrú Thoir An mó uair a dúraís “Cad é an túr sin ar an gcnoc?” Cúpla míle siar ó Dhaingean Uí Chúis ar Bhóthar Chinn Sléibhe cas ar chlé mar a bhfuil comhartha do Holden’s Leather, lean ort ag tiomáint nó go bhfeicir comhartha don dTúr. Tá bothán beag laistigh den ngeata agus bosca macántachta ann ag lorg síntiúis €2 chun siúl tríd an dtalamh phríobháideach suas go dtí an túr. Siúlóid dhian i gcoinne an aird is ea í seo, mar sin tóg d’aimsir, agus táimse ag rá leat go bhfaighir luach do shaothair as an mbraon allais!

Tógadh Túr Eisce i 1947 le linn an Ghorta, é coimisiúnaithe ag an Rev. Charles Gayer agus é mar aidhm aige obair a chur ar fáil do mhuintir na háite a bhí ag fáil bháis den ocras agus ag an am céanna iad a fháil lena gcreideamh a iompú. Rabhchán farraige is é tógtha le cloch.  Airde 27 troigh a bhí aige nuair a tógadh ar dtúis é agus ardaíodh go 40 troigh ina dhiaidh sin é. Tá láimh adhmaid ag gobadh amach as ag síneadh a mhéir i dtreo bhéal an chuain. Tógadh dhá rabhchán eile timpeall an ama sin, ceann ag leibhéal na farraige ‘An Towerín Bán’ agus ceann eile ar Bhinn Bán, atá tite as a chéile anois. 

Ar an dtaobh thiar den dtúr tá bothán faire ón Dara Cogadh Domhanda. Tógadh an bothán faire seo le leacacha réamhtheilgthe coincréite agus ardaíodh go barra iad le dhá raca féir a chuirtí ar chapaill a bhí curtha in oiriúint  go speisialta don obair.  Bhí muintir na háite i mbun faire sa bhothán agus iad i teagmháil leanúnach le Stáisiún na nGardaí i nDaingean Uí Chúis trí líne gutháin a cuireadh i bhfearas chun caoi a thabhairt scéala a chur go dtí na fórsaí slándála i gcás ionsaí.

Sa bhliain 1950 cuireadh cros adhmaid in airde chun ceiliúradh a dhéanamh ar an mBliain Naofa. Ar an 10 Nollaig 1950, deineadh an tAifreann a cheiliúradh ar bharr an chnoic agus chroch muintir na háite tóirsí rothair ar an gcros a bhí le feiscint go soiléir ó Dhaingean Uí Chúis. Thit an cros as a chéile tamall ina dhiaidh sin de dheasca na drochaimsire agus níl le feiscint ann anois ach struchtúr coincréite.

Tá radharcanna an-bhreátha ón mbarra ar Chnoc Bréanainn, Shliabh an Iolair, Na Blascaodaí, Sceilg, Oileán Dairbhre, Uíbh Ráthach agus gan amhras anuas ar bhaile Daingean Uí Chúis féin.

Read 2901 times Last modified on Thursday, 30 August 2012 10:54

Latest from