Nuacht na Gaeltachta
Written by LorcanNa Sinsir
Is i gcoinne an Daingin a bheidh sinsir na Gaeltachta i gcluiche leathcheannais shraith Chiarraí Thiar ar an Domhnach 18 Márta. Imreofar an chluiche i bPáirc an Ághasaigh ag 14.00 agus beidh an chluiche leathcheannais eile idir An Caisleán agus Abhainn an Scáil díreach ina dhiaidh.
Cuirfear fáilte roimh Dheasúnaigh Oileán Chiarraí go Gallaras ar an Satharn 24 Márta don gcéad bhabhta de shraith an Chontae agus beidh an chéad bhabhta den sraith idirmheánach as baile i gcoinne Ghleann Fleisce ar siúl an deireadh seachtaine ina dhiaidh sin.
Mionúir
Ní raibh an lá leis an mionúir ar an Satharn 10 Márta nuair a bhuaigh Stacaigh Thrá Lí orthu i nGallaras 2-13 le 1-10. Ta an chluiche a bhí le bheith ar an Aoine 16 Márta i gcoinne Chéirín Uí Rathaille curtha siar anois go dáta i mí Aibreán.
Faoi 10 & 8
Cuirfear tús le traenáil faoi 10 ar an 23 Márta ag 17.30 agus faoi 8 ar an 30 Márta ag 18.00. Fáilte mór roimh iarbhaill agus baill nua araon.
Lá na Gaeltachta
Tá sé i gceist lá spraoi agus cleachtaidh a eagrú i nGallarus ar dháta éigin i rith an tsamhraidh áit go gcuirfear fáilte roimh bhaill an chlub ar fad agus tuismitheoirí na mball óga teacht go Gallarus i gcóir lá oscailte CLG na Gaeltachta. Tá sé i gceist go mbeidh bia agus a leithéid ar fáil agus táthar ag iarradh ar dhaoine go mbeadh suim acu cabhrú ar an lá dul i dteagmháil le Páidí Ó Sé ar 086 8091210 nó seo a chur in iúil d’aon bhall des na coistí.
Ballraíocht.
Níl ach coicís fágtha anois chun an ballraíocht bheith íoctá ag imreoirí an chlub óg agus aosta. Mar atá sonraithe faoi choinníollacha chlúdach árachais an chlub, ní bheidh cead ag aon imreoir traenáil nó imirt le aon fhoireann tar éis 31 Márta mura mbeidh a dtáille ballraíocht íoctha acu.
Lotto 50/50 na Gaeltachta
Comhgháirdeachas le Katie Nic Gearailt a bhuaigh €290 i dtarrac Lotto 50/50 na Gaeltachta a bhí ar siúl i dtábhairne an Bhóthair ar an Luan 13 Marta. Bé Gearóid Mac Gearailt a bhuaigh duais an díoltóra agus Muiris Breathnach a bhuaigh tarrac an tí. Is i dtig Uí Chatháin ar an mBuailtín a bheidh an chéad tarrac eile ar an Mháirt 20 Márta.
Read 3057 times
Published in
West Kerry Sport
