West Kerry Live - Corca Dhuibhne Beo - News Sports Features and Entertainment on the Dingle Peninsula

Latest News

Scéala Ón Díseart Pádraig Ó Fiannachta

Written by  Lorcan
Scéala Ón Díseart
Pádraig Ó Fiannachta

Moladh le Dia! Nach aoibhinn an uain í! Tá na crainn a chuireamar coicíos ó shin ag péacú cheana féin. Tá duilliúr ar na beithe geala, agus ní fada siar uathu na crainn chaorthain. Is gearr go mbeidh an féar glas agus na blátha áille atá ag gabháil leis á chur againn. Nuair a bheidh sin déanta caithfimid é a dhúnadh ar feadh tamaill nó go mbeidh an féar dochaite go leor chun siúl agus rith air. Tá moill bheag ar na plaiceanna ach tagann gach rud le cairde. Táimid an-bhuíoch dóibh siúd go léir a tháinig ag cur na gcrann. Baineann an gairdín Chrann Clainne le Corca Dhuibhne ar fad, leis na ceithre paróistí i ndúiche thréadach Chorca Dhuibhne. Dé Domhnaigh seo caite bhí a lán againn thall sa Cham mar a rabhamar ag ceiliúradh athnuachana an tséipéil, Séipéal Mhuire, a tógadh le linn na bpéindlithe, i 1826, trí bliana roimh Fhuascailt na gCaitliceach. Ceann tuí a bhí air nuair a tógadh ar dtús é ach de réir a chéile maisíodh agus deisíodh é go dtí le déanaí nuair a cuireadh barr maise agus áille air faoi stiúir an tsagairt paróiste, Seán Ó Buachalla. B’é an tEaspag Liam Ó Murhchú príomhcheiliúraí an Aifrinn, an Dr. Muiris Ó hÓgáin d’ord Naomh Columbán a thug an tseanmóir. Tá blianta fada caite aige seo ar na misiúin, go háirithe sa tSeapáin agus bhí sé ina léachtóir sna Scrioptúir i Maigh Nuad roinnt mhaith blian—bhíomar araon le chéile ansiúd. Ba é Féile Theachtaireacht an Aingil é agus ar ndóigh bhí iomainn do Mhuire chomh maith le hiomainn agus ceol eile le linn an Aifrinn. Bhí meitheal d’ochtar sagart páirteach san Aifreann, agus beirt againn i gcathaoir rotha. Is dócha gur comhartha é sin gur cheart dúinn a bheith ag guí agus ag spreagadh daoine óga, agus go deimhin aosánaigh leis chun an ghairm chun na sagartóireachta a fhreagairt má ghlaonn Dia orthu. Bhí béile breá blasta ar fáil i halla an pharóiste i ndiaidh na searmanas.
   Ní ag fáiltiú roimh chuairteoirí agus ag teagasc mic léinn ón iasacht amháin a chaithfimid ár ndúthracht sa Díseart. Bíonn saothrú ár ndiagachta agus ár spioradáltachta ar a lán slite ar siúl againn leis. Is dócha gur sampla maith de sin an uimhir reatha dár ráitheachán, An Sagart, arb é atá inti ná leagan Gaeilge den méid de Youcat, Teagasc Críostaí na nÓg, a phléann le sacraimintí na hinideachta, Baisteadh Cóineartú agus an Eocairist. Chuireamar breis uimhreacha i gcló agus anseo i gCorca Dhuibhne gheobhaidh sibh in aisce iad i ndeireadh an tséipéil. Ba chóir go mbeadh sé ina chabhair don óige agus iad ag ullmhú don Chomhdháil Eocairisteach.
    Ár gcultúr dúchais an t-ábhar mór eile suime againn. Beimid ar an tslí go hOllscoil Chorcaí go luath ar an Aoine, 30ú Márta, chun Irisleabhar Mhá Nuad 2012 a sheoladh agus ina theannta sin an sárleabhar léinn Amhail Fuaim Chogair Bhig le Barra ua Cearnaigh. Níor éirigh le Barra post a fháil in Éirinn agus fágann sin amuigh gCathair Ho Chi Min é sa Vietnam ag múineadh Béarla! Dochtúir léinn Ghaelaigh a cháiligh i gCorcaigh é Barra agus is iontach an taithí é seo dó sara bhfillfidh sé chun a chathrach dúchais. Beidh leabhar eile, Delphine agus Marinette, leagan Gaeilge de scéalta leis an scríbhneoir cáiliúil Marcel Aymé, a dúirt gur do leanaí idir a ceathair agus a 75 a scríobh sé iad. Tadhg Ó Síocháin údar an leagain seo agus an Bhrolaigh bhreá a ghabhann leis.
News from the Díseart
While the Díseart is adding to the attractions of Díngle for tourists, it is not neglecting its core interests, Irish Theology and Spirituality and Irish Culture in its many branches. For the coming Eucharistic Congress we have just published a number of An Sagart which carries an Irish version of that important part of Youcat, the official catechism for youth, which deals with the sacraments of Initiation, Baptism Conformation and Eucharist. We brought out some extra copies so you need not be surprised if you see it available free at the back of your church. We are also very active with publishing works dealing with our culture. So on 30th March An Sagart is publishing the Maynooth Irisleabhar and Amhail Fuaim Chogair Bhig in UCC and The Colm Cille Lectures XLII in NUI Maynooth. I have been invited to a performance of Handel’s  Messiah in the College Chapel on Sunday.
Last modified on Friday, 30 March 2012 17:12
Adverts
  • Read 3209 times
  • Read 2950 times
  • Read 3300 times
  • Read 2939 times
  • Read 1915 times
Latest Sport
Regular Features
Latest Entertainment
Corca Dhuibhne Beo