Scéala Ón Díseart
Written by MossyScéala Ón Díseart
An Mon. Pádraig Ó Fiannachta
Bhí an lá inné ana-bhreá, Moladh le Dia. Guímis go bhfoírfeadh sé ar na daoine bochta atá ag lorg cúpla lá breá cois trá. Agus ar na feirmeoirí ná fuil aon seans acu fós an silage a bhaint, agus iad siúd go bhfuil cuireadóireacht agus barraí mar shlí bheatha acu. Tá an cás níos measa ar ndóigh in áiteanna eile le stoirmeacha agus tuillte. A Thiarna fóir orainn. Ach féach ceann de na torthaí ón ár dtaobhna de. Tá líon na gcuairteoirí chugainn sa Díseart ag dul i méid in aghaidh an lae. Daoine ón bhFrainc is líonmhaire againn anois. Is breá leo siúd go mbeadh bróisiúir agus bileoga ina dteanga féin ar fáil. Tá cainteoir dúchais, Stiofán Tribulot, atá ag cur fé le blianta i mBaile na bhFionnúrach agus go bhfuil Gaelainn na háite ar a thoil aige, tar éis í fhoghlaim i gCeann Trá agus i Maigh Nuad faoim’ threoir féin) ag réiteach an sórt ábhair a theastódh ó Fhrancaigh mar is fearr is eol dó. Beidh an t-ábhar seo againn an tseachtain seo chugainn.
De bharr mo bhacaíola ní minic a éiríonn liom dul timpeall ár ngairdíní. Ach shiúlaíos timpeall le cabhair mo bhata inné agus chuir sé gliondar orm nuair a chonac mar a bhí an Coill Chrann Clainne ag bláthú. Bhí caora ar an gcrann caorthainn; bhí an bheith ag fás díreach d’ainneoin na gaoithe go léir. Bhí bláthanna dúchais fiaine an bhóithrín faoi bhláth. Bhí brat álainn diobh ar dhíon an Chúilín Seabhraigh mar a bhaisteamar air—The Happy Corner a thugamar air i mBéarla. Tá ana-mholadh ag dul do Robbie Ó Flannúra atá ag tabhairt aire don ghairdín sinn faoi threoir Bhreda agus Mary. Fad a bhíos ann bhuaileas le Pádraig Ó Héalaí údair an leabhair bhreá sin a seoladh i Sean-Scoil an Chuasa le déanaí. An chéad dream eile a tháinig an treo ba Ghearmánaigh iad ó Köln. Bhí sé le rá agam gur chaitheas oíche i Kolpinghaus ansiúd in 1960. Dheineadar iontas don ngairdín álainn. Tá súil agam go mbeidh brat difiriúil bláthanna do lá na hoscailte 18 Lúnasa. Go seola Naomh Sbhaítín dea-aimsir chugainn Dé Luain a mhairfidh an daichead lá.
Tá na milliúin punt á gcaitheamh ar bhóthar an Daingin go Trá Lí. Deirtear go bhfuil sé ag cosaint milliún agus ceathrú do gach míle. Ní fheicim aon fhógraí faoi cad as go bhfuil an t-airgead ag teacht ná cén conrathóir a fuair an conradh. Tá súil le agam nach comhlacht ola/íle atá laistiar de; ní bheadh gás chomh truaillitheach leis. An raghaidh an bóthar trí Abhainn an Scáil nó ina thimpeall? An bhfuil aon rud le rá ag muintir Chorca Dhuibhne ina thaobh?
Bhí cruinniú mór sa Díseart aréir faoi thodhchaí an tsean-ospidéil. Tá an foirgneamh á chosaint ar chreachadóireacht agus á chaomhnú le teas agus eile. Láthair fhairsing de 26 acra is ea an spás iomlán. Bhíothas ar aon aigne faoi cé mar ba chóir an tríú hurlár (atá díreach mar a bhí nuair a bhí sé ina Tigh na mBocht agus na céadta sínte ar na cláracha ann ag fulaing le hocras, fiabhras agus galar i dtús a ré) le caomhnú. Socraíodh d’aon ghuth gur láthair ealaíon sa chiall is leithne a ba chóir a fhorbairt sa chuid eile. Aontaíodh go raghfaí ar aghaidh agus coiste/bord iontaobhaithe a thogha de thoradh ainmniúcháin agus vótála; go scaipfí an t-eolas faoi seo chomh foirleathan agus chomh héifeachtach agus ab fhéidir. Go n-éirí linn inár n-iarrachtaí.
The Family Tree Garden
I managed to walk with my stick up to the Family Tree Garden, formerly known as ‘The Top Garden.’ The day was bright, dry and sunny. The garden was at its best. The Rowan trees had their berries, the birches were lively and cheerful and shyly getting to know each other. The whole 30+ species of native wild flowers were in full flush. I was particularily elated by the blooms on the roof of the newly named Happy Corner (Cúilín Seabhrach). By careful managment the later flower flush should co-incide with the official opening day, Saturday 18th August, which is also the opening day of International Heritage Day. Let us hope that St. Swithin brings us the promise of 40 fine days on Monday. On Thursday 11th we had full house, about 60, for the meeting of the Dingle Poorhouse Project which aims at converting the old Hospital into an all-embracing Arts Centre—Visual Arts, (Irish) Music, multilingual poetry drama and literature; with exhibition, teaching, studio, and stage space. It stands in a scenic site of 26 acres and even includes a famine graveyard. It is still very well maintained, secured by an imposing fence and being heated by its present owners who may be delighted to have an offer of lease. So nominate your willing choice of a member for the future Board of Trustees (?) and pick up your ballot paper at the Dingle Bookshop and vote by 31st August. Ní neart go cur le chéile mar a dúirt Máire na Maitheasa.
