Nuacht na Gaeltachta
Ballraíocht
Seo an tseachtain deiridh anois inar féidir le imreoirí ballraíocht a bhaint amach sa chlub. De réir rialach árachais an chlub níl bheidh cead ag aon duine nach bhfuil a mballraíocht íoctha acu roimis 1 Aibreán imirt nó traenáil leis an gclub. Is féidir an táille ballraíochta a íoc led’ thraenálaí nó leis an gcláraitheoir Donncha Ó Céilleachair, Dún Chaoin.
Na Sinsir
Bhí bua mhaith ag na sinsir i gcoinne Deasúnaigh Oileán Chiarraí i mbabhta 1 de shraith sinsear an Chontae Roinn 2 ar an Satharn 24 Márta leis an scór 0-13 le 1-06. D’imir lads na Gaeltachta go láidir mar fhoireann agus d’aimsigh Eoin Mharthain Mac Gearailt roinnt poinntí breátha ó chiceanna saora sa darna leath. Cé gur bhain gortú do Sheán Mícheál Ó Conchúir agus Gearóid Mac an tSaoir táthar ag súil go mbeidh siad cneasaithe don deireadh seachtaine mar is ar an Satharn seo chugainn a bheidh an chéad bhabhta den gcraobh idirmheánach. Imreofar an chluiche ag 18.00 as baile i gcoinne Gleann Fleisce. Bhuaigh an Ghaeltacht ar Ghleann Fleisce sa chéad bhabhta den gcomórtas an bhliain seo caite agus beidh siad ag iarraidh díoltas a bhaint amach i mbliana, ach má bheidh beidh toradh eile ar intinní na Gaeltachta. Chun teacht ar ghort na caide cas ar chlé ag an séipéal i nGleann Fleisce atá ar an bpríomh bhóthar N22 idir Cill Áirne agus Corcaigh. Ba mhór dúinn tacaíocht mhuintir na Gaeltachta don gcluiche dúshlánach seo.
Lotto 50/50 na Gaeltachta
Cómhgháirdeachas le Siobhán Lowe a bhuaigh €300 i dtarrac lotto 50/50 na Gaeltachta a bhí ar siúl i dtábhairne Bhric ar an Riasc ar an Luan 26/03. Siopa Mhic Eoin ar an Muirígh a bhuaigh duais an díoltóra agus Paul Ó Loingsigh a bhuaigh tarrac an tí. Is i dTigh TP i mBaile na nGall a bheidh sé ar an Luan seo chugainn 2 Aibreán.
Oíche Ráiseanna Capall
Beidh oíche raiseanna capall ar siúl ar an Satharn seo 31 Márta ag 21.00 in Óstán Cheann Sibéal i mBaile an Fheirtéaraigh ar mhaithe leis an mbunscoil áitiúil. Tá cúpla capall fós ar fáil agus beidh spot dhuaiseanna ar an oíche chomh maith le oíche breá cleachtaidh.
Faoi 14
Bhí mí-ádh ar an fhoireann faoi 14 nuair a theip orthu i shield Chiarraí thiar le pointe i gcoinne Chaisleán an Ghriaire ar lá the samhraidh ar an Domhnach 25 Márta. Bhí an dá fhoireann ar chomh scór ag leath am 2-3 le 2-3 a bhuíochas de bháide an duine ó Chian Mhac an Duibh agus Pádraig Ó Máirtín agus cé gur fuair Aaron ó Súilleabháin baide sa darna leath agus Cian an darna báide i ndeireadh thiar thall b’iad na lads ó taobh thíos de chnoc a thug na cosa leo 4-9 le 4-8 i gcluiche cruaidh spóirtiúil agus déanaimid comhgháirdeachas lenár gcairde ón Leitriúch ar a mbua.
Réiteoirí do Chluichí Faoi Aois
Tá géar ghá ag Coiste na nÓg le réiteoirí do chluichí faoi aois, má tá suim ag aon duine cabhrú teir i dteagmháil le Páidí ag 086 8091210
Faoi 10 agus 8
Tosnóidh traenáil faoi 8 agus 10 ar an Aoine seo 26 Márta ag 18.00. Beidh fáilte roimh ár sean mbaill agus baill nua araon.
Cúl Champaí.
Is idir an 30 Iúil agus an 3 Lúnasa a reachtáilfear an cúl champa i nGallaras i mbliana, breis eolais ó Thomás Ó Muircheartaigh ar 0876160337.